We are delighted to announce that Craobh Cholm Cille, Conradh na Gaeilge has been re-established in Swords, North County Dublin.
The same branch was in the town as far back as 1902 (check out the article from Drogheda Independent, 19 April 1902).
There is a language revival underway at the moment and we want to cater for that interest and represent those that are interested in promoting our national language. The success of the gaelscoileanna movement in recent years means there are many Irish speakers looking to preserve their language skills and help pass the gift to the next generations.
We intend to provide speaking opportunities, organise Irish lessons, run Irish language juvenile sports camps, inspire social occasions trí ghaeilge and to make An Ghaeilge available to the people of Swords.
Ta lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Craobh Cholm Cille, Conradh na Gaeilge athbhunaithe againn i Sord Cholm Cille, Tuaisceart Chontae Átha Cliath.
Bhí an Chraobh chéanna sa bhaile chomh fada siar le 1902, ar a laghad (féach ar an sliocht ón Drogheda Independent, 19 Aibreán 1902).
Tá athbheochan teanga ar siúl faoi láthair agus ba mhaith linn freastal ar an spéis sin agus ionadaíocht a dhéanamh orthu siúd a bhfuil suim acu ár dteanga náisiúnta a chur chun cinn. Mar gheall ar an rath a bhí ar ghluaiseacht na ngaelscoileanna le blianta beaga anuas, tá go leor Gaeilgeoirí ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a chaomhnú agus an bronntanas a thabhairt do na glúnta atá le teacht.
Tá sé mar chuspóir againn tuilleadh deiseanna cainte a chur ar fáil, ranganna Gaeilge a eagrú, campaí spóirt trí ghaeilge a reáchtáil, imeachtaí sóisialta a spreagadh agus an ghaeilge a chur i lár an aonaigh do phobal an bhaile.
If you would like more information please contact:
craobhcholmcille@cnag.ie / Liam @ 086 3814422



