Buaileann Ciorcal Comhrá le chéile gach Sathairn ag 2 iarnóin i gCafé Cates, i nDomhnach Bheathach. Is grúpa neamhfoirmiúil muid, agus tá fáilte roimh gach duine teacht. Thosaigh muid ag teacht le chéile tímpeall 2011, mar mhaidin caife, nuair a ghlac ár mbaile páirt i seó teilfíse de chuid TG4 darbh ainm, “G-Team”.
Tionscnamh ab ea é de chuid Duirmuid Ó Suilleabháin as na Scéirí, nach maireann, a chuir a lán oibre isteach maidineacha caife a spreagadh thar fuaid Tuaisceart an Contae. Gach Sathairn bíonn ó thrí go seachtar daoine ag cainnt is a comhrá is caife agus cáca milis á ithe againn.
Le déanaí, ghlac muid páirt i Seó Contae “Flavours of Fingal” i pPáirc Newbridge. Deireadh seachtaine bliantiúil den scoth is ea ea “Flavours”, atá reachtaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall, atá saor in aisce do theaghlaigh sult a bhaint as an gceol beó, taispeántais chócaireachta, taispeántais thalmhaíochta; trialacha capall; trialacha mhadraí, is thar cionn 150 bhothannaí bia is ceirde.
Réitigh muid Pop-up Gaeltacht in san Scioból Dearg, i bhFeirm Newbridge, le ceol álainn ó ghrúpa Chomaltas Leithinis, faoi stiúr an sár-fidléir áitiúil Erin McGahan, is Óg-dhrámaíocht den scoth léirithe ag grúpa Úna Bhreathnach, “Conas mar a fuair Cú Chulainn a Ainm”. Bhí neart cluichí Scrabble as Gaeilge is picnic traidisiúnta idir láimh againn freisin.
Tá fáile roimh gach duine buaileadh linn i gCates Sathairn ar bith ag a dó a chloig le cainnt is cleachtadh na teanga.
--------------------------
Our Ciorcal Comhrá meets every Saturday at 2pm in Cate’s Café, Donabate. We are an informal group, meeting together since about 2011, over coffee and cake to chat and practice our Irish. Everyone is welcome to attend.
Recently, we took part in the Flavours of Fingal County Show, in Newbridge Park, and organised a Pop-Up Gaeltacht which included wonderful trad music played by Comhaltas Leithinis and some brilliant youth drama, “How Cú Chulainn got his name”. We also enjoyed a few rounds of Irish language scrabble, and a traditional picnic.
Everyone is welcome to join us in Cate’s on Saturday afternoons at 2pm.